An Próiseas Ainmniúcháin

1. Páipéir Ainmniúcháin

Is é an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a fhorordaíonn páipéir ainmniúcháin le rialacháin le haghaidh thoghchán na hUachtaránachta.

Féadfaidh iarrthóirí ionchasacha páipéir ainmniúcháin a fháil ó oifig an Chinn Chomhairimh Toghchán Uachtaránachta le linn gnáthuaireanta gnó nó féadfaidh siad páipéir ainmniúcháin a íoslódáil ar an suíomh gréasáin seo. Is féidir leo a íoslódáil freisin:

Beidh páipéir ainmniúcháin ar fáil freisin ó na húdaráis áitiúla agus ó Chléirigh na Dála agus an tSeanaid.

2. Grianghraif

Más mian le hiarrthóir a ghrianghraf nó a grianghraf a chur san áireamh ar an bpáipéar ballóide, ní mór dóibh na nithe seo a leanas a chur ar fáil leis an bpáipéar ainmniúcháin:

Grianghraf i bhformáid dhigiteach agus 2 chóip phriontáilte chomhionanna den ghrianghraf (méid an phas – 35mm x 45mm). Ní mór grianghraif a sheoladh trí ríomhphost chuig an gCeann Comhairimh Uachtaránachta ag: presidentialro@housing.gov.ie ar an lá a sheachadfar na páipéir ainmniúcháin.

Beidh an grianghraf ar chaighdeán maith agus daite, lena dtaispeánfar aghaidh, ceann agus guaillí iomlán an iarrthóra amháin, ar chúlra éadrom (dath ar bith) agus a thógfar ar chaighdeán gairmiúil.

Ba cheart go dtógfaí an grianghraf tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh an dáta arna cheapadh ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le hordú faoi alt 6 d’Acht Toghchán an Uachtaráin 1993, chun vótaíocht a thógáil sa toghchán.

Ní mór ainm an iarrthóra a bheith léirithe go soiléir ar chúl gach cóipe den ghrianghraf priontáilte.

3. Tréimhse Ainmniúcháin

Shocraigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tréimhse ainmniúcháin don chéad toghchán uachtaránachta eile. Cuireadh tús leis an tréimhse ainmniúcháin ag 10 a.m. an 5 Meán Fómhair 2025 agus dúnadh í ag 12 p.m. 24 Meán Fómhair 2025. D’fhéadfadh iarrthóir ainmnithe a ainmniúchán nó a hainmniúchán a tharraingt siar tráth ar bith sula gcríochnófar an rialú ar ainmniúcháin ach ní ina dhiaidh sin.

Ní mór gurb é an t-iarrthóir nó duine amháin nó níos mó de na daoine a bhfuil an t-ainmniúchán á dhéanamh acu nó, i gcás Comhairle Cathrach nó Contae, nó Comhairle Cathrach agus Contae, oifigeach de chuid na comhairle, a sheachadann an páipéar ainmniúcháin.

4. Rialú ar Ainmniúcháin

Ar an 24 Meán Fómhair 2025, rinne Ceann Comhairimh Thoghchán an Uachtaráin rialú ar na hainmniúcháin.

Íoslódáil an Fhoirm cheapacháin ionadaí údaraithe – Toghchán Uachtaránachta