Níor ainmníodh ach iarrthóir amháin, an Dr Patrick Hillery as Rinn na Spáinneach, Sráid na Cathrach, Contae an Chláir, i dtoghchán na huachtaránachta tar éis don Uachtarán Cearbhall Ó Dálaigh éirí as oifig ar an 22 Deireadh Fómhair 1976. Dearbhaíodh, dá réir sin, an Dr Hillery a bheith tofa, agus insealbhaíodh é mar Uachtarán ar an 3 Nollaig 1976.