Fáilte chuig suíomh gréasáin thoghchán na huachtaránachta 2025.

Beidh an chéad toghchán uachtaránachta eile ar siúl Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair 2025. Beidh an vótaíocht ar siúl idir 7am agus 10pm.

Ba é an spriocdháta le clárú le vótáil ná an 7 Deireadh Fómhair 2025.

Beidh torthaí ó gach dáilcheantar, a fhaightear ag an Lárionad Comhairimh, ar fáil anseo ón Satharn, an 25 Deireadh Fómhair 2025.

Soláthraíonn an suíomh gréasáin seo faisnéis oifigiúil faoi thoghchán na huachtaránachta a reáchtáil. Tá faisnéis ann le húsáid ag iarrthóirí atá ag lorg ainmniúcháin agus vótálaithe sa toghchán araon.