Toghann muintir na hÉireann Uachtarán na hÉireann go díreach ar feadh tréimhse seacht mbliana. Ní fhéadfaidh Uachtarán níos mó ná dhá théarma a chur isteach. Ní mór toghchán uachtaránachta a bheith ann laistigh de na 60 lá roimh dheireadh théarma oifige an Uachtaráin atá ag dul as oifig. Má tharlaíonn folúntas roimh chríochnú gnáth-théarma oifige, tarlaíonn an toghchán laistigh de 60 lá tar éis don fholúntas teacht chun cinn. Déantar an vótáil trí bhallóid rúnda ag baint úsáid as an gcóras aonvóta inaistrithe.
Tá Ordú déanta ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag ceapadh an 24 Deireadh Fómhair 2025 mar lá vótála. Beidh an vótaíocht ar siúl idir 7am agus 10pm. Cuireadh tús leis an tréimhse ainmniúcháin ag 10 a.m. an 5 Meán Fómhair 2025 agus dúnadh í ag 12 p.m. ar an 24 Meán Fómhair 2025.
Tá an tUasal Barry Ryan ceaptha ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, mar Cheann Comhairimh Thoghchán an Uachtaráin. Tá sé de dhualgas ar Cheann Comhairimh Toghcháin an Uachtaráin an toghchán a stiúradh, agus toradh an toghcháin a chinneadh agus a dhearbhú. Tá sé seo de réir Acht Toghcháin an Uachtaráin 1993.
