An Próiseas Ainmniúcháin

1. Páipéir Ainmniúcháin

Is é an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a fhorordaíonn páipéir ainmniúcháin le rialacháin le haghaidh thoghchán na hUachtaránachta.

Féadfaidh iarrthóirí ionchasacha páipéir ainmniúcháin a fháil ó oifig an Chinn Chomhairimh Toghchán Uachtaránachta nó ó na húdaráis áitiúla nó ó Chléirigh na Dála agus an tSeanaid i rith tréimhse ainmniúcháin.

2. Grianghraif

Más mian le hiarrthóir a ghrianghraf nó a grianghraf a chur san áireamh ar an bpáipéar ballóide, ní mór dóibh na nithe seo a leanas a chur ar fáil leis an bpáipéar ainmniúcháin:

Grianghraf i bhformáid dhigiteach agus 2 chóip phriontáilte chomhionanna den ghrianghraf (méid an phas – 35mm x 45mm). Ní mór grianghraif a sheoladh trí ríomhphost chuig an gCeann Comhairimh Uachtaránachta ar an lá a sheachadfar na páipéir ainmniúcháin.

Beidh an grianghraf ar chaighdeán maith agus daite, lena dtaispeánfar aghaidh, ceann agus guaillí iomlán an iarrthóra amháin, ar chúlra éadrom (dath ar bith) agus a thógfar ar chaighdeán gairmiúil.

Ba cheart go dtógfaí an grianghraf tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh an dáta arna cheapadh ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le hordú faoi alt 6 d’Acht Toghchán an Uachtaráin 1993, chun vótaíocht a thógáil sa toghchán.

Ní mór ainm an iarrthóra a bheith léirithe go soiléir ar chúl gach cóipe den ghrianghraf priontáilte.

3. Tréimhse Ainmniúcháin

Socraíonn an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tréimhse ainmniúcháin do thoghcháin uachtaránachta. D’fhéadfadh iarrthóir ainmnithe a ainmniúchán nó a hainmniúchán a tharraingt siar tráth ar bith sula gcríochnófar an rialú ar ainmniúcháin ach ní ina dhiaidh sin.

Ní mór gurb é an t-iarrthóir nó duine amháin nó níos mó de na daoine a bhfuil an t-ainmniúchán á dhéanamh acu nó, i gcás Comhairle Cathrach nó Contae, nó Comhairle Cathrach agus Contae, oifigeach de chuid na comhairle, a sheachadann an páipéar ainmniúcháin.

4. Rialú ar Ainmniúcháin

Rialaíonn an Ceann Comhairimh Thoghchán an Uachtaráin ar na hainmniúcháin i dTeach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1.