Inrochtaineacht

Táimid tiomanta do rochtain a chinntiú do chách. Tá mínithe sa ráiteas inrochtaineachta seo conas a dhéanfaimid, mar an Soláthraí Seirbhíse, iarracht na ceanglais a chomhlíonadh mar atá leagtha amach sna Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin, Leagan 2.1, ag Leibhéal AA mar atá sainmhínithe ag an Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin.

Ár dtiomantas agus ár gcur chuige maidir le suíomh gréasáin inrochtana a chothabháil

Tá Ceann Comhairimh an Uachtaráin tiomanta do na nithe seo:

  • Suíomh Gréasáin inrochtana a chothabháil i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht ar Shuíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Shoghluaiste Chomhlachtaí Earnála Poiblí)
  • A chinntiú go mbainfidh an suíomh gréasáin seo comhlíonadh “Leibhéal AA” amach leis na Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin (WCAG) 2.1, chun cloí le Cód Cleachtais an Údaráis Náisiúnta Míchumais ar Inrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Faisnéise a Chuireann Comhlachtaí Poiblí ar Fáil. (Tá réamhrá ar bheartas agus reachtaíocht a bhaineann le Dearadh Uilíoch in Éirinn ag Ionad Sármhaitheasa an Údaráis Náisiúnta Míchumais.)
  • A chinntiú go mbainfidh gach faisnéis nua ar an suíomh gréasáin comhlíonadh “Leibhéal AA” amach leis na Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin (WCAG), 2.1.
  • Lena n-áirítear inrochtaineacht nuair a sholáthraímid córais 3ú páirtí nó uasghráduithe ar chórais atá ann cheana féin.

Conas a dhéanaimid tástáil ar chomhlíonadh treoirlínte oifigiúla inrochtaineachta

Bainimid úsáid as réimse teicnící chun cabhrú le rochtain a sholáthar do chách. Ina measc tá:

Scanadh Uathoibrithe

Le scanadh uathoibrithe, soláthraítear forbhreathnú tapa (gan a bheith iomlán) ar shaincheisteanna a bhféadfadh daoine teacht orthu.

Treoir

Treoir a sholáthar d’eagarthóirí ábhair amhail Téacs Malartach a úsáid, a Chinntiú go bhfuil Leibhéil Cheannteidil ceart agus cleachtais eile.

Athbhreithniú Láimhe

Athbhreithniú láimhe a dhéanamh go rialta ar gach suíomh agus an suíomh a choigeartú chun cabhrú le hinrochtaineacht a fheabhsú.

Comhlíonadh an tsuímh gréasáin seo leis na treoirlínte oifigiúla inrochtaineachta

Tá an suíomh gréasáin seo ag cloí go hiomlán leis na Treoirlínte Inrochtaineachta Ábhar Gréasáin (WCAG), 2.1, faoi láthair. Rinneadh ár n-iniúchadh inrochtaineachta gréasáin is déanaí don suíomh gréasáin seo ar 18/05/2026.

Réimsí le feabhsú agus amlínte

Níl aon réimsí ar an suíomh gréasáin seo ar eolas againn ina bhféadfaimis inrochtaineacht a fheabhsú (seachas na cinn atá luaite thíos). Dá bhrí sin, molaimid aiseolas tríd an seoladh ríomhphoist thíos.

Conas aiseolas a sheoladh maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo

Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo. Chun aiseolas a chur isteach; seol ríomhphost chugainn ag franchise@housing.gov.ie.

Gnéithe inrochtaineachta an tsuímh gréasáin seo

Úsáidtear líon mór teicnící chun go mbeidh an suíomh inrochtana do chách. Tá an próiseas ar siúl de réir mar a athraíonn an t-ábhar agus struchtúr an tsuímh. I measc cuid de na gnéithe inrochtana ar an suíomh seo, tá (ach gan a bheith dóibh):

Téacs Malartach

Tá téacs malartach oiriúnach ag gach Íomhá, más iomchuí, chun eilimint thuairisciúil a sholáthar don íomhá atá léirithe.

Ordlathas Imlíne Ceannteidil

Cuirtear ciall loighciúil i bhfeidhm ar cheannteidil nuair is féidir, ag tosú le Teideal an Leathanaigh ag H1, H2 le haghaidh fo-cheannteidil, H3 faoi bhun na gceannteidil sin nuair is cuí.

Naisc Thuairisciúla

Tá cuspóir sainithe ag Naisc agus Cnaipí, nó tá eilimintí tuairisciúla nó lipéid ARIA acu nuair nach féidir na heilimintí sin a sholáthar.

Codarsnacht

Íosmhéideanna réasúnta i ndáil leis an gcodarsnacht idir eilimintí sa tulra agus eilimintí sa chúlra.

Nascleanúint

Struchtúr loighciúil i bhfeidhm ar an suíomh gréasáin lena chinntiú gur féidir an suíomh a úsáid gan luch.

Sainchomharthaí ARIA

Réimse leathan sainchomharthaí ARIA i bhfeidhm chun cabhrú le hinrochtaineacht.