Eolas Ginearálta agus Fógraí

Tá cead vótála ag gach saoránach d’Éirinn a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát, atá 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an lá vótaíochta, agus a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta ar chlár na dtoghthóirí.

Cláraigh chun vótáil ar an suíomh gréasáin Check the Register.

De ghnáth, vótálann toghthóirí go pearsanta ag a stáisiún vótaíochta áitiúil. Gheobhaidh gach toghthóir Cárta Faisnéise Vótála. Cuirfidh an cárta seo toghthóirí ar an eolas maidir lena n-uimhir ar chlár na dtoghthóirí, dáta na vótála agus suíomh a stáisiúin vótála.

Féadfar iarraidh ar thoghthóir ag stáisiún vótaíochta fianaise aitheantais a thabhairt ar aird. Ní bheidh cead vótála ag duine nach bhfuil in ann fianaise céannachta a thabhairt ar aird nuair a iarrtar sin, nó nach féidir leis an oifigeach ceannais a shásamh gurb é nó í an duine lena mbaineann an doiciméad. Liostófar na doiciméid a nglacfar leo mar fhianaise céannachta ar an gcárta vótaíochta a sheolfar chuig toghthóirí roimh an lá vótaíochta agus ar phóstaeir a thaispeánfar ag stáisiúin vótaíochta. Is iad na doiciméid seo ná:

  • pas
  • ceadúnas tiomána
  • cárta aitheantais fostaí ar a bhfuil grianghraf
  • cárta aitheantais mic léinn arna eisiúint ag foras oideachais agus grianghraf air
  • doiciméad taistil a bhfuil ainm agus grianghraf air
  • leabhar Bainc nó Coigiltis nó Comhar Creidmheasa ina mbeidh seoltaí sa toghcheantar nó sa toghcheantar áitiúil (más cuí)
  • Cárta Seirbhísí Poiblí

Aon cheann díobh seo a leanas in éineacht le doiciméad eile a shuíonn seoladh an tsealbhóra sa toghcheantar nó sa toghcheantar áitiúil (nuair is cuí):

  • teastas pósta
  • seicleabhar
  • teastas breithe
  • cárta creidmheasa nó cárta dochair

Tá daoine áirithe i dteideal iarraidh ar vóta poist:

  • comhaltaí den Gharda Síochána;
  • comhaltaí lánaimseartha d’Óglaigh na hÉireann;
  • taidhleoirí Éireannacha atá ar seirbhís thar lear agus a gcéilí nó a bpáirtnéirí sibhialta;
  • daoine a bhfuil cónaí orthu sa bhaile ach nach bhfuil in ann dul chuig stáisiún vótála chun vóta a chaitheamh de dheasca breoiteachta nó míchumais;
  • daoine ar dócha go gcoiscfidh a ngairmeacha iad ó vótáil ag a n-ionad vótaíochta áitiúil lá toghcháin, lena n-áirítear mic léinn lánaimseartha atá cláraithe sa bhaile agus atá ina gcónaí in áit eile agus iad ag freastal ar fhoras oideachais sa Stát. Faoin socrú sin, cuirtear páipéar ballóide chuig baile an toghthóra. Caithfidh seisean/sise socrú a dhéanamh go ndéanfaidh Garda a d(h)earbhú aitheantais a fhianú sula marcálfaidh sé/sí an páipéar ballóide agus sula gcuirfear ar ais é leis an bpost chuig an gceann comhairimh;
  • toghthóirí nach bhfuil in ann vótáil ag a stáisiún vótála mar gheall ar imthosca a gcoinneála sa phríosún, de bhun ordú na cúirte;
  • baill áirithe d’fhoireann an toghcháin atá fostaithe ag stáisiún vótála lasmuigh den toghcheantar ina bhfuil cónaí orthu; agus
  • i gcás go bhfuil duine buartha faoina s(h)ábháilteacht nó faoi shábháilteacht duine dá t(h)eaghlach dá bhfoilseofaí a (h)ainm agus a s(h)eoladh baile, féadfaidh an duine sin iarratas a dhéanamh le bheith mar thoghthóir anaithnid. Ní féidir leis na toghthóirí sin ach vóta a chaitheamh tríd an bpost.

Mar gheall ar shocruithe nua a tugadh isteach tríd an Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022, ní gá do liachleachtóir deimhniúcháin postvótálaí a bhfuil breoiteacht nó míchumas níos fadtéarmaí nó leanúnach air nó uirthi sonraí a sholáthar a thuilleadh faoi chineál breoiteachta nó míchumais an toghthóra. Is féidir leo fad measta na breoiteachta nó an mhíchumais a léiriú. Tabharfaidh an t-údarás clárúcháin (is é sin an t-údarás áitiúil) aird air sin agus socrú postvótála á chur ar fáil aige. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh gá le hathnuachan bhliantúil ar dheimhniú leighis i gcás na bpostvótálaithe sin a bhfuil breoiteacht nó míchumas fadtéarmach nó leanúnach orthu.

Má tá cónaí ar vótálaí in ospidéal, i dteach altranais, in áis mheabhairshláinte nó in áis chúraim dá leithéid agus mura bhfuil siad ábalta dul chuig a stáisiún vótála de dheasca breoiteachta nó míchumais, féadfaidís iarratas a dhéanamh le bheith ar liosta na vótálaithe speisialta. Cuireann sé sin ar a gcumas vótáil san áit ina bhfuil cónaí orthu. Seolann Oifigeach Ceannais Speisialta páipéar ballóide chucu.

Ceanglaítear ar gach Ceann Comhairimh Áitiúil liosta a fhoilsiú de na stáisiúin vótála go léir nach bhfuil inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Má tá tú faoi mhíchumas fisiciúil agus má tá deacracht agat rochtain a fháil ar do stáisiún vótála áitiúil is féidir leat iarraidh do vóta a aistriú chuig stáisiún vótála níos inrochtana i do thoghcheantar. Ní mór teagmháil a dhéanamh le do Cheann Comhairimh Áitiúil le hiarratas den sórt sin tráth nach déanaí ná seacht lá roimh lá na vótála.

Ag an stáisiún vótaíochta ar lá na vótaíochta, féadfaidh an tOifigeach Ceannais nó compánach atá 16 bliana d’aois ar a laghad cúnamh a thabhairt do thoghthóir faoi mhíchumas fisiciúil, lagú amhairc, nó deacracht léitheoireachta nó scríbhneoireachta aige/aici.

Chomh maith leis na roghanna traidisiúnta chun cabhair a lorg ón Oifigeach Ceannais nó ó chompánach chun an páipéar ballóide a mharcáil, tá an rogha ag vótálaithe a bhfuil lagú radhairc orthu ag an reifreann Teimpléad Páipéir Ballóide (BPT) a úsáid chun a bpáipéar ballóide a mharcáil gan chúnamh, más mian leo é sin a dhéanamh. Beidh BPTanna ar fáil ag gach stáisiún vótaíochta.

Más mian le vótálaí a bhfuil lagú amhairc aige teimpléad páipéir bhallóide a úsáid, ní mór dó a rá leis an Oifigeach Ceannais gur mian leo an teimpléad páipéir bhallóide a úsáid. Tabharfar páipéar ballóide dóibh ansin agus an teimpléad páipéir bhallóide ceangailte leis. Tabharfar cibé cúnamh praiticiúil dóibh a theastaíonn uathu chun vótáil go rúnda.

Is féidir an BPT a úsáid i dteannta le huimhir shaorghlao, a liostóidh gach iarrathóir atá ag seasamh sa toghchán san ord ina bhfuil said le feiceáil ar an bpáipéar ballóide. Nuair a bheidh an páipéar ballóide marcáilte, is féidir leis an vótálaí é a bhaint den teimpléad, é a fhilleadh agus é a chur sa bhosca ballóide mar is iondúil.

Féach ar PDF faoi conas a oibríonn an BPT.

Faoi alt 50 den Acht Toghcháin 1997, bíonn ar gach iarrthóir, ar an lá deireanach a nglacfar le hainmniúcháin nó roimhe, gníomhaire toghcháin (an Gníomhaire Toghcháin Uachtaránachta) a cheapadh agus ainm agus seoladh an ghníomhaire a chur in iúl don Cheann Comhairimh Uachtaránachta.

Leagtar amach forálacha ginearálta i ndáil le ceapachán agus feidhmeanna gníomhairí, taobh amuigh d’fhorálacha i ndáil le síntiúis agus caiteachas toghcháin, in ailt 33 agus 34 den Acht Toghchán an Uachtaráin 1993.

De réir Alt 12 (1) d’Acht Toghcháin an Uachtaráin 1993 agus chun críche na vótaíochta a thógáil i dtoghchán na hUachtaránachta, reáchtálfar an vótaíocht ar bhonn na nDáilcheantar.

  • Ceatharlach-Cill Chainnigh
  • An Cabhán-Muineachán
  • An Clár
  • Corcaigh Thoir
  • Corcaigh Thuaidh-Lár
  • Corcaigh Thiar Thuaidh
  • Corcaigh Theas-Lár
  • Corcaigh Thiar Theas
  • Dún na nGall
  • Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh
  • Cuan Bhaile Átha Cliath Theas
  • Baile Átha Cliath Láir
  • Baile Átha Cliath-Fine Gall Thoir
  • Baile Átha Cliath-Fine Gall Thiar
  • Baile Átha Cliath Thiar-Meán
  • Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
  • Baile Átha Cliath-Ráth an Dúin
  • Baile Átha Cliath Theas-Lár
  • Baile Átha Cliath Thiar Theas
  • Baile Átha Cliath Thiar
  • Dún Laoghaire
  • Gaillimh Thoir
  • Gaillimh Thiar
  • Ciarraí
  • Cill Dara Thuaidh
  • Cill Dara Theas
  • Laois
  • Cathair Luimnigh
  • Contae Luimnigh
  • An Longfort-An Iarmhí
  • Maigh Eo
  • An Mhí Thoir
  • An Mhí Thiar
  • Uíbh Fhailí
  • Ros Comáin-Gaillimh
  • Sligeach-Liatroim
  • Tiobraid Árann Thuaidh
  • Tiobraid Árann Theas
  • Port Láirge
  • Loch Garman
  • Cill Mhantáin
  • Cill Mhantáin-Loch Garman

I gcomhréir le hAlt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscair, 1997, arna leasú, is féidir póstaeir iarrthóirí a chur ar taispeáint 30 lá roimh an toghchán, nó ón dáta a shínítear an tOrdú um Thoghchán Uachtaráin, cibé tréimhse acu is giorra. Ní mór iad a bheith bainte anuas laistigh de 7 lá tar éis an toghcháin.

Is é €750,000 an teorainn chaiteachais in aghaidh an iarrthóra i dtoghchán uachtaránachta. Is é €250,000 an uasmhéid gur féidir a aisíoc le hiarrthóir i dtoghchán uachtaránachta. Ní mór d’iarrthóir níos mó ná an ceathrú chuid de chuóta na vótaí a fháil le cáiliú d’aisghabháil caiteachais.

Tá treoirlínte do fhreagrachtaí a bhaineann le síntiúis agus caiteachas toghcháin ar fáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (www.sipo.ie).

Tá iarrthóir i dteideal teachtaireacht amháin, saor in aisce, a sheoladh chuig gach teaghlach i ngach toghcheantar. Ní mór dul i gcomhairle le An Post maidir leis na socruithe sonracha.

Tá athrú tagtha ar an tréimhse le haghaidh vótáil ar oileáin tar éis achtú an Achta um Athchóiriú Toghcháin 2022. Leasaíodh le hAlt 201 den Acht um Athchóiriú Toghcháin Alt 7 d’Acht Toghchán an Uachtaráin 1993. Ceadaítear vótáil ar an lá céanna do na hoileáin san Alt. Ciallaíonn sé sin go vótálann daoine ar oileáin na hÉireann ar an lá céanna a vótálann an chuid eile d’Éirinn.

Foráiltear le hAlt 7 d’Acht Toghchán an Uachtaráin 1993, arna leasú le hAlt 201(b) den Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022, freisin do ghiorrú na tréimhse vótaíochta ar oileán má thugann Ceann Comhairimh Áitiúil an oileáin comhairle den sórt sin. Beidh amanna vótaíochta do na hoileáin ar fáil ar an suíomh gréasáin seo roimh thoghchán uachtaránachta.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh Acht Toghchán an Uachtaráin 1993 agus an tAcht um Athchóiriú Toghcháin 2022.

Toirmisctear gach gníomhaíocht pholaitiúil i gcóngar na stáisiún vótála le linn na vótaíochta agus ar feadh leathuair an chloig roimhe sin agus ina dhiaidh. Bainfidh sé sin le síománaíocht, teacht le chéile, canbhasáil in aon fhoirm, taispeáint nó dáileadh póstaer, fógraí, cártaí nó aon doiciméad eile a bhaineann leis an toghchán. Tá feidhm aige sin freisin le húsáid callairí nó aon chóras fógartha poiblí. Beidh feidhm ag an toirmeasc maidir leis na tailte ina bhfuil an stáisiún vótála suite agus laistigh de 50 méadar ó na tailte.

Is é Acht Toghchán an Uachtaráin 1993, arna leasú, an reachtaíocht phríomha a bhaineann le toghcháin uachtaránachta.

Léigh Acht Toghchán an Uachtaráin 1993.

Foráladh leis an Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022 do roinnt athruithe bunúsacha ar ár bpróisis toghcháin. Ina measc sin bhí bunú an Choimisiúin Toghcháin (coimisiún toghcháin reachtúil agus neamhspleách), nuachóiriú an phróisis clárúcháin toghcháin agus rialáil na fógraíochta polaitiúla ar líne.

Léigh an tAcht um Athchóiriú Toghcháin 2022.

Is é Uachtarán na hÉireann Ceann Stáit na hÉireann. Bunaíodh Oifig an Uachtaráin leis an mBunreacht. Léigh tuilleadh faoi ról Bunreachtúil an Uachtaráin.

Tá leabhrán eolais “An tSlí a dToghtar an tUachtarán” ar fáil. Soláthraítear sa leabhrán sin faisnéis ar cad atá i gceist le toghchán na huachtaránachta agus ar na próisis a bhaineann le cinneadh a dhéanamh ar an toradh deiridh. Léigh an leabhrán eolais.