Táimid tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus meas a thabhairt air. Tá mínithe sa ráiteas príobháideachais seo conas a phróiseálfaimid, mar Rialaitheoir Sonraí, na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil dúinn i leith an presidentialelection.ie tsuímh gréasáin; conas a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus cad iad na cearta a fhéadfaidh tú a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta.
Catagóirí sonraí
Próiseálaimid na sonraí pearsanta seo a leanas i ndáil leis an tseirbhís a sholáthar duit. Bailímid sonraí ar na bealaí seo a leanas:
- Faisnéis nach féidir a aithint go pearsanta (a d’fhéadfaí a chomhcheangal le bheith ina faisnéis inaitheanta phearsanta) amhail:
- Seoladh IP
- Cineál Brabhsálaí
- Cineál Gléis
- Faisnéis inaitheanta phearsanta, mar shampla:
- D’ainm
- Seoladh Ríomhphoist
- Aon fhaisnéis eile a roghnaíonn tú a chur isteach chugainn (i.e. trí fhoirm theagmhála)
Foinse na sonraí pearsanta
Is tusa agus do ríomhaire amháin a chuir do shonraí pearsanta ar fáil chun na gcríoch atá leagtha amach thíos.
Cuspóirí na próiseála
Úsáidtear do sheoladh IP chun tarchur faisnéise chuig do ríomhaire a éascú. Ní féidir úsáid a bhaint as ann féin chun tú a aithint go huathúil. Stóráiltear do sheoladh IP trí na hóstbhogearraí agus/nó feidhmchláir a ritheann ar na bogearraí sin go hiondúil i bhfeidhmeanna logála chun rianú earráidí a éascú agus saincheisteanna slándála a aithint.
Úsáidfimid an fhaisnéis a chuirfear ar fáil chun an fhaisnéis a d’iarr tú ar an suíomh seo a sholáthar. Ní phróiseálfaimid do shonraí pearsanta chun críche ar bith ach amháin chun na críche lenar bailíodh iad. Coimeádann an Roinn an ceart aici féin faisnéis nach féidir a aithint go pearsanta a chur le chéile chun faisnéis a tháirgeadh a d’fhéadfaí a úsáid mar atá sonraithe in “Dlíthiúlacht na Próiseála”.
Próifíliú
Ní úsáidfimid aon sonraí pearsanta a bhailítear uait i leith presidentialelection.ie chun críoch cinnteoireachta uathoibrithe, ná chun críoch próifílithe.
Dlíthiúlacht na próiseála
Tá próiseáil do shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6 Mír 1(a), ní bhailíonn presidentialelection.ie faisnéis phearsanta inaitheanta ach amháin le do thoiliú sainráite. Tugtar toiliú sainráite agus tú ag glacadh le sainchatagóirí fianán nó ag líonadh foirme le faisnéis a thugann tú go deonach.
Slándáil do shonraí pearsanta
Cuirimid bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun d’eolas a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe. Mar sin féin, in ainneoin na mbeart sin, níl aon chóras slándála foirfe ná do-dothreáite, agus ní féidir aon mhodh tarchurtha sonraí a áirithiú i gcoinne idircheapadh nó mí-úsáide. Sa chás go gcuirtear do chuid sonraí pearsanta i gcontúirt mar thoradh ar shárú slándála, cuirfear ár mbeartas agus ár nósanna imeachta um Bainistíocht Sáruithe i bhfeidhm.
Faighteoirí na sonraí
Féadfar sonraí pearsanta a mhalartú le Ranna eile Rialtais, le hÚdaráis Áitiúla, le gníomhaireachtaí faoin Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, nó le comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe nuair a fhoráiltear dó sin de réir dlí.
Aistrithe Sonraí Trasteorann
Ní aistreoimid sonraí pearsanta a bhailítear i leith presidentialelection.ie chuig aon tír ná eagraíocht idirnáisiúnta lasmuigh den AE/LEE.
Cé chomh fada is a choinneofar do shonraí?
Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá le haghaidh na gcuspóirí dár bailíodh agus dár próiseáladh iad.
Do chearta
Tá ár mBeartas Cosanta Sonraí, ina bhfuil leagtha amach conas a úsáidfimid do shonraí pearsanta, chomh maith le faisnéis a sholáthar maidir le do chearta mar an duine is ábhar do na sonraí (lena n-áirítear sonraí maidir le ceart rochtana, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, an ceart go gcuirfí srian le próiseáil, an ceart chun agóid a dhéanamh) ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Tá cóip chrua den bheartas ar fáil freisin ach é a iarraidh. Má mheasann tú gur sáraíodh do chearta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh le Coimisiún um Chosaint Sonraí na hÉireann, agus tá sé de cheart agat leigheas breithiúnach a lorg.
Déan teagmháil linn
Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait, nó más mian leat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, déan teagmháil le do thoil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne, sonraí thíos:
Oifigeach Cosanta Sonraí
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Bóthar an Bhaile Nua
Loch Garman
data.protection@housing.gov.ie
