Níor ainmníodh ach iarrthóir amháin, Cearbhall Ó Dálaigh ó 33 Route d’Arlon, A/Strassen, Lucsamburg, i dtoghchán na huachtaránachta mar gheall ar bhás an Uasail Erskine Childers ar an 17 Samhain, 1974. Dearbhaíodh, dá réir sin, an tUasal Ó Dálaigh a bheith tofa, agus insealbhaíodh é mar Uachtarán ar an 19 Nollaig 1974.