Toghchán Uachtaránachta 2004

Níor ainmníodh ach iarrthóir amháin, an tUachtarán a bhí ag dul as oifig, an Dr Mary McAleese, i dtoghchán uachtaránachta 2004. Dearbhaíodh, dá réir sin, í a bheith tofa, agus insealbhaíodh í mar Uachtarán ar an 11 Samhain 2004.